-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Latest University News
12 June 2025
Searmanais Bronnta Céime an tSamhraidh á gceiliúradh in Ollscoil na Gaillimhe
Bhí searmanais Bronnta Céime an tSamhraidh ar siúl inniu in Ollscoil na Gaillimhe, agus rinneadh comóradh ar éachtaí acadúla suntasacha na gcéadta mac léinn agus a dteaghlaigh.
Bronnadh céim ar bhreis is 400 mac léinn le linn na searmanas, lena n-áirítear 92 mac léinn ar bronnadh Dochtúireacht san Fhealsúnacht (PhD) orthu. Ar an ngrúpa is mó a bhí i láthair bhí an 187 dochtúir ar bronnadh Baitsiléir Onóracha Leighis, Baitsiléir Máinliachta agus Baitsiléir Cnáimhseachais (MB, BCh, BAO) orthu.
Le linn an tsearmanais bronnta, bhronn Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte 15 Bhonn don Bhliain Deiridh Leighis ar 12 chéimí.
Fuair céimí amháin, an Dr Anmol Mahesh ó Chluain Meala, Co. Thiobraid Árann, 5 bhonn mar aitheantas ar a fheabhas a d’éirigh leis go hacadúil.
Dúirt Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: "In Ollscoil na Gaillimhe, táimid an-bhródúil as bheith mar chuid d’aistear gach mac léinn, ag tacú lena bhforbairt agus ag ceiliúradh a gcuid éachtaí. Cuireann ár gcuid mac léinn tús le haistear nua anois, agus táim ag tnúth leis an tionchar dearfach a bheidh acu ina réimsí roghnaithe a fheiceáil."
Críoch
12 June 2025
University of Galway celebrates Summer Conferring ceremonie
University of Galway hosted its Summer Conferring ceremonies today, marking a significant academic milestone for hundreds of students and their families.
More than 400 students were awarded their degrees during the ceremonies, including 92 who were conferred with a Doctor of Philosophy (PhD).
The largest cohort to graduate during today’s ceremonies was the 187 doctors who received their Honours Bachelor of Medicine, Bachelor of Surgery, and Bachelor of Obstetrics (MB, BCh, BAO) degree.
During the conferring ceremony, 12 graduates were awarded a total of 15 Final Medical Medals by the University’s College of Medicine, Nursing and Health Sciences.
One graduate, Dr Anmol Mahesh from Clonmel, Co Tipperary, received 5 medals in recognition of his outstanding academic performance.
Professor Peter McHugh, Interim President of University of Galway, said: “At University of Galway, we take great pride in being part of each student’s journey, supporting their growth and celebrating their success. Graduation is not just an end, but the beginning of what our students can and will go on to achieve, and I look forward to seeing the positive impact they will make in their chosen fields."
Ends
10 June 2025
Tráthnóna Eolais in Ollscoil na Gaillimhe faoi na deiseanna atá ag Foghlaimeoirí Fásta cur lena gcuid scileanna
Ag an tráthnóna eolais bliantúil d’fhoghlaimeoirí fásta, tabharfaidh Ollscoil na Gaillimhe eolas faoi shraith nua cúrsaí, Sraith nua Dioplómaí le hArd-déantúsaíocht san áireamh, a thacóidh le daoine atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna le freastal ar riachtanais an tionscail atá ag athrú i rith an ama.
Beidh an tráthnóna eolais ar siúl ó 5.30-7.30pm, Dé Céadaoin, an 18 Meitheamh san Áras Bitheolaíochta Daonna ar an gcampas.
Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh na hOllscoile atá ag reáchtáil na hócáide. Cuirfear béim ag an tráthnóna eolais ar raon leathan cúrsaí gearra solúbtha agus roghanna staidéir fhadtéarmaigh, atá á gcur ar fáil chun freastal ar riachtanais foghlama daoine gairmiúla, lucht cuardaithe poist, agus daoine atá ag filleadh ar an obair.
I measc na gcúrsaí páirtaimseartha a bheidh ar fáil i mbliain acadúil 2025/26 beidh cúrsaí Springboard+ atá maoinithe go hiomlán dóibh siúd atá dífhostaithe nó ag filleadh ar an obair, agus cúrsaí a bhfuil maoiniú 90% ar fáil dóibh do dhaoine atá fostaithe ach ar mian leo cur lena gcuid scileanna, mar aon le cúrsaí a gcuirtear maoiniú ar fáil dóibh trínár gcomhpháirtithe Skillnet.
Is cúrsaí idirdhisciplíneacha an tSraith Dioplómaí nua le hArd-déantúsaíocht atá curtha in oiriúint do lucht gairmiúil a bhfuil cúlra eolaíochta agus innealtóireachta acu, go háirithe iad siúd atá ag plé le teicneolaíocht leighis agus le dearadh déantúsaíochta. Tá béim sna cúrsaí ar dhigitiú, ar inbhuanaitheacht agus ar dhéantúsaíocht chliste, agus tá siad ag teacht leis na riachtanais reatha agus leis na riachtanais nua atá ag teacht chun cinn sa tionscal.
Deis atá san imeacht seo do dhaoine ar spéis leo a bheith ina mic léinn bualadh le hionadaithe ó chúrsaí páirtaimseartha na hOllscoile i réimsí éagsúla amhail Gnó agus Bainistíocht, an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht, Teangacha, na Dána agus na Daonnachtaí, Oideachas Pobail, agus ó chúrsaí réamhollscoile chomh maith.
Bhí an méid seo le rá ag Nuala McGuinn, Stiúrthóir an Ionaid Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh in Ollscoil na Gaillimhe: “Tuigimid go mbíonn cúraimí oibre agus teaghlaigh ar ár bhfoghlaimeoirí fásta agus tá conairí foghlama solúbtha cruthaithe againn ó chúrsaí micridhintiúr go cúrsaí máistreachta dóibh siúd atá ag iarraidh modúl gearr creidiúnaithe a dhéanamh nó dul ar aghaidh chuig cúrsa níos fadtéarmaí. Is iomaí cor i gcosán na foghlama. Teastaíonn deiseanna ó dhaoine fásta le páirt a ghlacadh agus páirt a ghlacadh an athuair san fhoghlaim ag gach céim dá saol gairmiúil ionas go mbeidh a gcuid scileanna ag teacht le riachtanais reatha an ionaid oibre. Sa domhan seo atá ag síorathrú, tá sé tábhachtach go mbeadh ár gcóras oideachais in ann freagairt do na hathruithe sin.”
Tabharfar deis dóibh sin a bheidh i láthair freastal ar chainteanna faoi chúrsaí páirtaimseartha agus faoi chúrsaí micridhintiúr, léargas a fháil ar Leibhéil NFQ, agus eolas a fháil faoin bpróiseas Aitheantais Réamhfhoghlama agus faoin mbealach ar féidir é sin a úsáid chun cáiliú le haghaidh staidéir. Chomh maith leis sin, déanfaidh an fhoireann acadúil cur i láthair faoi na cúrsaí nua Ard-déantúsaíochta agus tabharfaidh siad léargas ar an BA ceithre bliana i gCúram Sóisialta.
Le tuilleadh eolais a fháil faoin tráthnóna eolais nó le clárú, tabhair cuairt ar universityofgalway.ie/adultlearning/info_eve
Críoch